About this role
- Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil an taithí agus na cáilíochtaí seo a leanas acu.
- Sárchaighdeán oideachais, suas go tríú leibhéal i gcúram leanaí, mar aon le taithí oiriúnach ar luathoideachas/cúram leanaí.
- Líofacht agus cruinneas i labhairt agus scríobh na Gaeilge.
- Taithí ábhartha san earnáil nó in earnáil ghaolmhar eile.
- Sárscileanna cumarsáide, comhordaithe agus idirphearsanta.
- Eolas ar fhoinsí maoinithe agus nósanna imeachta na bhforas éagsúil tacaíochta atá ag feidhmiú san earnáil luathbhlianta.
- Cumas cruthaithe i bpleanáil, i gcomhordú agus i measúnú éilimh agus riachtanais an phobail sa réimse luathbhlianta.
- Ardscileanna ríomhaireachta.
- Ceadúnas glan tiomána.