About this role
Scéim Fostaíochta Pobail Cois Fharraige Tá saoiste á lorg ag Údarás na Gaeltachta do Scéim Fostaíochta Pobail (Cois Fharraige). Beidh an té a cheapfar ag feidhmiú ó oifig sa Spidéal. Bheadh sé riachtanach go mbeadh na scileanna/cáilíochtaí seo a leanas ag an iarratasóir: • Cáilíocht tríú leibhéal ina bhuntáiste • Taithí mhaoirseachta/bainistíochta • An cumas oibriú as a stuaim féin • Taithí ar fhorbairt pobail tuaithe. • Sár scileanna idirphearsanta, cumarsáide agus scileanna bainistíochta ar thograí • Scileanna oiliúna • Scileanna ríomhaireachta • Bheith ábalta dualgais an phoist a chomhlíonadh trí mheán na Gaeilge • Lán cheadúnas tiomána glan/córas iompair Tá tuarastal de tuairim is €38,661 bun - €46,694 sa bhliain ag dul leis an bpost seo. Tá an post seo á mhaoiniú ag an Roinn Coimirce Sóisialaí. Beidh painéal á bhunú mar thoradh ar an bhfeachtas seo óna bhféadfar folúntais do Saoistí ar na Scéimeanna Fostaíochta Sóisialta sa cheantar a líonadh, amach anseo. Seol iarratas, mar aon le Curriculum Vitae roimh 4i.n. 30 Deireadh Fómhair 2026 chuig: An Ceannasaí Réigiúnach Chonnacht/Laighean, Údarás na Gaeltachta, Na Forbacha, Co na Gaillimhe nó ar rphost go [email protected] Is fostóir comhionannas deiseanna é Údarás na Gaeltachta agus is í an Ghaeilge a theanga oibre.